TÁ CLG Uladh go mór faoi chomaoin ag na clubanna iontacha fud fad an chúige a dhéanann obair iontach ar son na teanga.
Táimid eolach ar chuid mhaith den obair seo. Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh nach bhfuil i mbéal an phobail, áfach, agus tá sé rí-thábhachtach go dtugtar aird ar na hiarrachtaí sin. Is as an bhearna sin a d’eascair coincheap an ghradaim seo. Ba mhaith linn deis a thabhairt do chlub amháin gach bliain aird a tharraingt orthu féin, agus a gcuid oibre ar son na Gaeilge a chur ar ár súile dúinn.
Bronann Uachtarán CLG Uladh Gradaim CLG Uladh gach bliain mar aitheantas don obair a dhéanann oibrithe deonacha an CLG agus don tseirbhís a thugann siad don Chumann Lúthchleas Gael agus don phobal i gcoitinne.
Bhí níos mó ná 30 club istigh ar an ghradam don méid a rinneadh le linn 2024, agus cé go raibh gach ceann acu iontach go deo láidir, sheas club amháin amach mar eiseamláir nó iadsan a leag síos an slat tomhais do chlubanna fud fad Chúige Uladh maidir leis an teanga a fhorbairt agus a fhás taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael in 2024.
Ag searmanas bronnta in Óstán Ceannabháin i mí Eanáir 2025, bhronn Uachtarán CLG Uladh, Micheál Mac Eochagáin, Gradam na Gaeilge den bhliain 2024 ar CLG Naomh Peadar An Lorgain.
Baineadh bonn airgid amach mar chuid d’Fhonndúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha 2024 ach ní sin ach tús a gcuid gaisce. D’fhoilsigh siad lámhleabhar a bhfuil téarmaí úsáideacha CLG ann a bhí deartha go snasta agus ar a raibh an-éileamh ann.
Eagraítear ranganna ag bun agus ag meánleibhéal chun freastal a dhéanamh ar an phobal.
Eagraítear campa samhraidh chomh maith le oícheanta scannáin. Níl sárú ar líon na n-imeachtaí a eagraítear sa chlub!
Comhghairdeas leis na hoibrithe iontacha seo atá taobh thiar d’fhás agus d’fhorbairt na Gaeilge, is iad a rinne scoth na hoibre seo agus molann Comhairle Uladh CLG go hard na hoifigigh, na himreoirí, na baill, agus na hoibrithe deonacha atá ag croí an chlub. Go n-éirí go geal libh sa todhchaí, agus go dté sibh ó neart go neart.
Tá roinnt clubanna eiler ar ghearrliosta an ghradaim don obair a rinneadh le linn 2024, agus is féidir tuilleadh a léamh fúthu ar shuíomh CLG Uladh nó déanfar bolscaireacht orthu le linn Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta 2025.
Receive quality journalism wherever you are, on any device. Keep up to date from the comfort of your own home with a digital subscription.
Any time | Any place | Anywhere